|
CUMANN GAELACH NA hEAGLAISE |
THE
IRISH GUILD OF THE CHURCH |
|
Tuarascáil 2007
|
Report 2007
|
|
Buille tubaisteach dúinn
é bás tobann Leaslaoi Uí
Bhriain, ar 18 Nollaig 2007, agus gan ach
56 bliana slánaithe aige. Ba Rúnaí
Oinigh an Chumainn é Leaslaoi ó
bhí sé ina dhalta ollscoile.
Bhí sé an-díograiseach
ag eagrú imeachtaí an Chumainn,
go háirithe na seirbhísí
rialta. Aireoimid uainn go mór é.
|
The sudden death
of Leslie Bryan on 18 December 2007 at 56
years of age is a tragic blow for us. Leslie
was Honorary Secretary of the Guild since
his student days. He was very zealous in organising
the Guild's events, especially the regular
services. We shall miss him greatly. |
|
An lá céanna
cailleadh cara mór an Chumainn, An
Déan Desmond Harman, déan
Ardteampall Chríost. Cé nach
raibh sé sa phost seo ach le níos
lú na ceithre bliana, ní hé
amháin gur thug sé tacaíocht
chroíúil don Chumann, bhí
sé freagrach as seirbhísí
agus ócáidí Gaeilge
eile a thionscnamh san Ardteampall.
|
The same day
the Guild lost another great friend, Dean
Desmond Harman, dean of Christ Church Cathedral.
Although only less than four years in this
position, not only did he give wholehearted
support to the Guild, he was responsible for
instituting other Irish language events and
services in the Cathedral. |
|
Déanaimid comhbhrón
ó chroí le muintir Leaslaoi
agus Desmond.
|
We offer our
heartfelt sympathy to the families of Leslie
and Desmond. |
|
Tionóladh na gnáthsheirbhísí
in Ardteampall Chríost (an ceathrú
Domhnach ar 5 pm) agus i séipéal
Choláiste Oideachais Eaglais na hÉirinn,
Ráth Maonáis (an dara Domhnach
ar 8.30 am).
|
The usual services
were held in Christ Church Cathedral (fourth
Sunday at 5 pm) and in the chapel of the Church
of Ireland College of Education, Rathmines,
(second Sunday at 8.30 am). |
| Le linn Sheachtain
na hAontachta Críostaí tionóladh
an tSeirbhís Idirchreidmheach in Ardteampall
Chríost ar 19 Eanáir 2007. B'é
an tOirmh Darren McCallig, a ceapadh mar dhéan?i?gcónaí
i gColáiste na Tríonóide
ó shin, an seanmóirí. |
During the Octave
of Christian Unity the Interdenominational
Service was held in Christ Church Cathedral
on 19 January 2007. The Rev Darren McCallig,
since appointed Dean in Residence in Trinity
College Dublin, was the preacher. |
| Ar 2 Meitheamh
agus ar 29 Meán Fómhair 2007
faoi seach, ag Urnaí na Nóna
trí Ghaeilge in Ardteampall Chríost
seinneadh den chéad uair (i) píosa
ceoil don chór coimisiúnaithe
ag an gCumann ó Sheoirse Bodley bunaithe
ar théacs Amra Cholm Cille agus (ii)
cóiriúcháin nua den Magnificat
agus de Nunc Dimittis ag Simon McHale. Bhí
an ceol nuachumtha seo mar chuid d'imeachtaí
a d'eagraigh Colmcille, an Áisíneacht
Cultúrtha Gaeilge Éireannach/Albanach
ag comhoibriú leis an Déan Desmond
Harman agus le foireann uilig an Ardteampaill. |
On 2 June and 29 September
2007 respectively, at Evensong in Irish
in Christ Church Cathedral (i) a piece of
choral music commissioned by the Guild from
Seorise Bodley based on the text of Amra
Cholm Cille and (ii) a new arrangement of
the Magnificat and the Nunc Dimittis by
Simon McHale were played for the first time.
This newly composed music was part of events
organised by Colmcille, the Ireland-Scotland
Gaelic Culture Agency, in co-operation with
Dean Desmond Harman and the entire Cathedral
staff.
|
|
Gabhaimid buíochas
leo siúd a chabhraigh go mór
le himeachtaí an Chumainn le linn
na bliana - focal buíochais ar leith
tuilte ag An Déan Desmond Harman,
Dónal Ceart-Oirmh Caird, Mark Oirmh
Gardner, David Oirmh Oxley agus Risteárd
Giltrap agus go háirithe Leaslaoi
Ó Briain.
|
We extent thanks to those
who greatly assisted with the Guild's activities
during the year - special word of thanks
to Dean Desmond Harman, Right Rev Donald
Caird, Rev Mark Gardner, Rev David Oxley
and Richard Giltrap and especially Leslie
Bryan.
|
|
Bhí an Cásach
Gary Hastings, Ard-deagánach Thuama,
ar fhochoiste den Choiste Téarmaíochta
a d'fhoilsigh "Ainmneacha Dílse
an Nua-Thiomna".
|
The Ven Gary Hastings, Archdeacon
of Tuam, was a member of the sub-committee
of An Coiste Téarmaíochta
(Terminology Committee) which published
"Proper Names in the New Testament".
|
|
Agus 2008 buailte linn táimid
ag ullmhú do thaifeadadh Na Comaoineach
Naofa ag RTÉ Raidió na Gaeltachta
ar 8.30 am ar 13 Eanáir 2008 i séipéal
Choláiste Oideachais Eaglais na hÉirinn,
Ráth Maonais, le craoladh níos
déanaí an mhaidin sin. Beidh
an tSeirbhís Idirchreidmheach in
Ardteampall Chríost, Dé hAoine
25 Eanáir 2008 ar 8 pm.
|
As 2008 dawns we are preparing
for the recording by RTÉ Raidió
na Gaeltachta of The Holy Communion at 8.30
am on 13 January 2008 in the chapel of the
Church of Ireland College of Education,
Rathmines, to be broadcast later that morning.
The Interdenominational Service will be
held in Christ Church Cathedral on Friday
25 January 2008 at 8 pm.
|
Dáithí
Ó Maolchoille
Cisteoir Oinigh
Eanáir 2008 |
Dáithí
Ó Maolchoille
Hon Treasurer
January 2008 |